The store will not work correctly when cookies are disabled.
Cookie
This website requires cookies to provide all of its features.
For more information on what data is contained in the cookies,
please see our
Privacy Policy page. To accept cookies from this site, please click the
Accept button below.
Welcome to our New High Street Books Site! Please Note Accounts created before May 2022 are deactivated. Please Create a New Account and Sign in before you begin.
Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil:
Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile).
Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus
grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin,
obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad.
Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith.
Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde.
Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach.
Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne.
Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann.
Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana.
Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile.
Dúshlán ‘Comórtas na Gaeilge’ a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.