The store will not work correctly when cookies are disabled.
Cookie
This website requires cookies to provide all of its features.
For more information on what data is contained in the cookies,
please see our
Privacy Policy page. To accept cookies from this site, please click the
Accept button below.
Welcome to our New High Street Books Site! Please Note Accounts created before May 2022 are deactivated. Please Create a New Account and Sign in before you begin.
Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de
chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar
a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.
Snáithe 1: Cumas Cumarsáide
Na Bunchlocha – Sna Bunchlocha, leagtar síos
bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé
le hábhar agus le topaicí an aonaid.
An Taifead Pearsanta – Insíonn na daltaí ‘a scéal
féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha.
Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís
agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i
láthair.
Seo Linn! – Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a
gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar
bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
Éistimis! – Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena
scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar
an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.
Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha
Cúinne na Gramadaí – San aonad seo, déanann na
daltaí iniúchadh ó thaobh na gramadaí ar na struchtúir nua atá
foghlamtha acu. Tugtar an cleachtadh cuí dóibh chun na struchtúir a
shealbhú.
Cúinne an Chultúir – Déantar nasc idir ábhar an aonaid agus gné de chultúr na Gaeilge sa roinn seo.
Cúinne na Filíochta – Cuirtear dán nó amhrán ón liosta ainmnithe faoi bhráid na ndaltaí sa roinn seo.
Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora
An Punann: Féinmheasúnú agus Logaí Foghlama –
Scrúdóidh na daltaí a gcuid foghlama féin sa roinn seo. Déanfaidh siad
machnamh faoi threoir ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Ar an
mbealach seo beidh siad in ann a gcuid aidhmeanna pearsanta foghlama a
leagan amach.
Súil Siar ar Obair na Chéad Bhliana – Sa réamhaonad seo caitear súil siar ar na topaicí bunúsacha a chlúdaítear sa bhunscoil agus sa chéad bhliain iarbhunscoile (Mé Féin, Mo Theaghlach, Mo Scoil, Mo Chuid Caitheamh Aimsire srl.).
Topaicí iad seo atá riachtanach do na tascanna ranga agus do na
tionscnaimh agus na cuir i láthair a dhéanfaidh na daltaí mar chuid den
Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB 1) agus den Tasc Cumarsáideach (MRB2) sa tríú bliain.
Litríocht
Pléitear dhá dhráma, trí ghearrscéal agus seacht ndán
ón liosta ainmnithe sa leabhar. Tá gearrscéal breise ar líne. Tá
foclóir comhthreomhar taobh leis an téacs d’fhonn cuidiú leis na daltaí
gach saothar a léamh ar a gcompord. Is ar ‘fhreagairt
phearsanta/chumarsáideach’ a chuirtear an bhéim. Tugtar struchtúir
theanga do na daltaí a chuirfidh ar a gcumas a dtuiscint agus a léamh
pearsanta féin ar na saothair litríochta a chur in iúl go muiníneach
cumarsáideach. Tugtar cuireadh dóibh ‘léirmheas sciobtha’ a thabhairt ar
an saothar tar éis dóibh é a léamh. Ansin, cuirtear ‘cíoradh liteartha’
ar fáil dóibh a phléann na teicnící liteartha a mbaineann an t-údar nó
an file úsáid astu. Ar deireadh thiar, iarrtar ar na daltaí a ‘mbreith’
phearsanta féin a thabhairt ar an saothar le cabhair ó na struchtúir
thuasluaite agus ón gcíoradh liteartha. De bhreis air seo déantar
freastal ar an úrscéalaíocht sna nótaí agus san fhoclóir cuimsitheach a
chuirtear ar fáil don sár-úrscéal Daideo le Áine Ní Ghlinn.