Cookie
This website requires cookies to provide all of its features. For more information on what data is contained in the cookies, please see our Privacy Policy page. To accept cookies from this site, please click the Accept button below.
Welcome to our New High Street Books Site! Please Note Accounts created before May 2022 are deactivated. Please Create a New Account and Sign in before you begin.
Junior Infants
Nach Iontach an Domhan E Shoisearacha
Athdhearadh agus leasaíodh eagráin na leabhar móreilimh Nach Iontach an Domhan É! le haghaidh na Naíonán agus na Ranganna Sóisearacha, agus cuirtear i láthair iad i bhformáid dhathúil, bheoga, nua.
I ngach leabhar tá réimse leathan ceachtanna agus gníomhaíochtaí a chuirfidh tuiscint ina luí ar pháistí ar cé chomh hiontach agus atá an domhan atá thart timpeall orthu.
Roghnaíodh na léaráidí agus na grianghraif go cúramach, agus iad lándaite san áit ar cuí. Dá bharr sin, tarraingeoidh siad súile daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí.
Stair – tá an ghné seo i ngach leabhar, rud a chothóidh an tuiscint ar conas a mhair daoine san am atá thart agus ar conas a tháinig athrú ar bheatha daoine ar feadh na n-aoiseanna.
Tíreolaíocht – tá an ghné seo ann agus cothaíonn sí an tuiscint ar ár n-áit sa cheantar áitiúil agus sa domhan lasmuigh.
Eolaíocht – tá an ghné seo ann agus, trí cheistiú agus trí thástáil, cabhraíonn sí linn tuiscint a bheith againn ar oibriú an domhain thart timpeall orainn.
ISBN | 9780714418384 |
---|---|
Publisher | C.J.Fallon |