The store will not work correctly when cookies are disabled.
Cookie
This website requires cookies to provide all of its features.
For more information on what data is contained in the cookies,
please see our
Privacy Policy page. To accept cookies from this site, please click the
Accept button below.
Welcome to our New High Street Books Site! Please Note Accounts created before May 2022 are deactivated. Please Create a New Account and Sign in before you begin.
Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithedon Ghaeilge.
Tosaíonn gach aonad le píosa litríochta as a n-eascraíonn téama an aonaid.
Tosaíonn gach rannóg le liosta Torthaí Foghlama a bhaineann leis na trí shnáithe; is iad seo na torthaí cuí i gcás na rannóige sin.
Tá na Torthaí Foghlama briste síos ina gcuspóirí foghlama atá éasca do na daltaí a thuiscint.
Scagann gach aonad an téama cuí le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí a áiríonn na cúig scil a chuidíonn le Cumas Cumarsáidean dalta: éisteacht, léitheoireacht, ginchumas labhartha, idirghníomhaíocht labhartha agus scríbhneoireacht.
Cuireann na rannóga Cur i Láthair ábhar, foclóir agus modhanna ar fáil do na daltaí a chuideoidh leo cur i láthair a dhéanamh ar réimse topaicí.
Déantar tagairt don Measúnú chun Foghlama (McF) go rialta (féinmheasúnú, obair bheirte, obair ghrúpa, etc.).
Déanann daltaí gníomhaíochtaí a leagann an bhunsraith don Mheasúnú Rangbhunaithe a dhéanfaidh siad i mBliain a 3.
Is féidir leis na daltaí féinmheasúnú a dhéanamh le linn na foghlama leis na seicbhoscaí ‘Féinfheasacht an fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’, rud a ligeann dóibh cúnamh a lorg nó a ndul chun cinn a roinnt leis an múinteoir.
Pléitear gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireannagus saol na Gaeltachta sna haonaid.
Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite sna haonaid ar fad, agus tá aonad gramadaí ann freisin a chinntíonn feasacht teanga.
Tá tascanna agus gníomhaíochtaí Punainne ar fáil i
ngach aonad le go mbeidh na daltaí in ann an méid atá foghlamtha acu a
úsaid agus machnamh a dhéanamh ar a dturas teanga.