The store will not work correctly when cookies are disabled.
Cookie
This website requires cookies to provide all of its features.
For more information on what data is contained in the cookies,
please see our
Privacy Policy page. To accept cookies from this site, please click the
Accept button below.
Welcome to our New High Street Books Site! Please Note Accounts created before May 2022 are deactivated. Please Create a New Account and Sign in before you begin.
Is léir go bhfuil gá ann le fada le leabhar a mbeadh córas litrithe na Gaeilge furasta a fhoghlaim as. Tá sé mar aidhm ag an leabhar seo an bhearna sion a líonadh.
Chuige sin cuireadh prionsabail áirithe i bhfeidhm:
Tá cosúlachtaí cinnte le feiceáil idir na focail.
Piocadh na focail ar fad nach mór as foclóir na gcúrsaí comhrá atá in úsáid sna bunscoileanna.
Tugadh aird ar leith ar na canúintí. Bíonn siad rialta go maith iontu féin i gcoitinne, ach i gcásanna eisceachtúla ní féidir ach na focail a ghrúpáil de réir litrithe agus míniú na bhfuaimeanna a fhágáil faoin múinteoir, e.g. Uladh (ubh, dubh), Mumhan (binn, tinn agus Connacht (ag suí, ag guí)
Clóitear leis an litriú caighdeáncah tríd síos.
Rinneadh iarracht na focail a eagrú sa dóigh go mbeadh na consain chaola agus leathana níos feiceálaí. Tá gá bunúsach le fuaimeanna na gconsan sin a thuiscint má tá an litriú féin le tuiscint i gceart.
Fágadh neart ama ag ranganna le dul siar ar obair ráithe nó ar obair bhliana.